1. |
Na Gamhna Geala
04:32
|
|||
Na Gamhna Geala
Is iad mo chuid gamhna na gamhna geala
Ithidh siad a’ féar ach chan ólann siad aon bhainne
Théid siad anonn is anall ar a’ Bhanna
Is chan fhearr leo an tráigh aca ná barr an láin mhara
Is fliuch ‘s is fuar a fuair mé an geimhreadh
Ag baint na séisce is aríst á hiomchar
Chan iad na ba maola is mó atá mé a chonsú
Chan iad nó a mbainne faraor ach na gamhna
Is iad mo chuid gamhna…
Rachaidh mise ‘un aonaigh is ceannócha mé gamhna
Cuirfidh mise isteach iad i bpáirc toigh an leanna
An áit a bhfuigh’ siad seamrógaí is nóiníní geala
Tiocfaidh siad ‘na bhaile ‘na ngamhna breátha
Is iad mo chuid gamhna…
Is ró-bheag mo spéis i gcupaí ná i gcártaí
I bhfuinneogaí gloine nó simleoirí arda
Is míle uair a bh’fhearr liom i mbothóig bhig samhraidh
Poll a bheith ar a’ scraith is mé ag coimhead ar na gamhna
Is iad mo chuid gamhna…
Charbh fhearr liomsa ribíní a bheith orm ná buarach
Charbh fhearr liom leaba fhlocais a bheith fúm ná lúchair
Ceoltaí na cruinne is bíodh a’ seinm i mo chluasa
Ach ba bhinne liomsa géimneach na ngamhna sa bhuaile
Is iad mo chuid gamhna…
Bheirimse mo mhallacht don eaglais a phos mé
Is mallacht is céad do na buachaillí óga
Nár lig domhsa fanacht mar a chleacht mé i gcónaí
‘Rinnce sa tsamhradh is na gamhna a’ seoladh
Is iad mo chuid gamhna…
Tiocfaidh an sioc agus greadfaidh an Márta
Tiocfaidh an sneachta go trom ar na harda
Tiocfaidh an t-éag ar an eallach is feannfar na gamhna
Is a chuisle ’s a rúin ná bíodh dúil agat ionta
Is iad mo chuid gamhna…
|
||||
2. |
PV O'Donnell set
03:16
|
|||
3. |
An Bonnán Buí
09:38
|
|||
An Bonnán Buí
Cathal Buí Mac Giolla Ghunna a chum
A bhonnáin bhuí, sé mo léan do luí,
Is do chnámha sínte tar éis do ghrinn;
Is chan easpa bí ach díobháil dí
A d’fhág i do luí thú ar chúl do chinn;
Is measa liom féin ná scrios na Traoi
Tú bheith ‘do luí ar leaca lom',
Is nach ndearna tú díth ná dolaidh sa ‘tír,
Is nárbh fhearr leat fíon ná uisce poll.
A bhonnáin álainn, sé mo mhíle crá thú,
Do chúl ar lár amuigh romham sa tslí;
Is gurb iomaí lá a chluininn do ghrág
Ar an láib is tú ag ól na dí.
‘S é an ní a deir cách lé do dheartháir Cathal,
Go bhfuighidh sé bás mar siúd más fíor;
Ach ní hamhlaidh atá, siúd an préachán breá
Chuaigh a dh'éag ar ball gan aon bhraon dí.
A bhonnáin óig, sé mo mhíle brón
Tú bheith sínte fuar i measc na dtom,
‘S na lucha móra ag triall 'un do thórraimh,
Ag déanamh spóirt agus pléisiúr ann.
Is dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin-sa
Go raibh tú i ngéibheann nó i mbroid gan bhrí,
Do bhrisfinn béim duit ar Loch Mhic an Éin
A fhliuchadh do bhéal is do chorp istigh.
Chan iad bhur n-éanlaith atá mé ag éagnach,
An lon, an smaolach nó an chorr ghlas,
Ach mo bhonnán buí a bhí lán de chroí,
Is gur chosúil liom féin í i nós ‘s i ndath.
Bhíodh sé go síoraí ag ól na dí,
Is deirtear go mbímse mar sin seal;
Níl aon deoir dá bhfuighinnse nach ligfinn síos,
Ar eagla go bhfuighinnse bás den tart.
‘S é d’iarr mo stór orm ligean den ól,
Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr,
Ach dúirt mé léi go dtug sí an bhréag,
Is gurbh fhaide mo shaolsa an deoch úd a fháil.
Nach bhfeiceann sibh éan an phíobáin réidh
A chuaigh a dh’éag den tart ar ball?
Is a chomharsana chléibh, fliuchaidh bhur mbéal,
Óir ní bhfuighidh sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.
|
||||
4. |
Seabhac na hÉirne
03:16
|
|||
5. |
Órla's set
04:24
|
|||
Fiddle - Aoibheann Devlin
Bodhrán - Feilimí Devlin
Acoustic Guitar - Déaglán Ó Doibhlin
Baritone Guitar - Ellis Davies
|
||||
6. |
Cailín as Contae Lú
04:48
|
|||
Cailín as Contae Lú
Bhí mé lá breá aerach ag dul Bóthar a’ Mhaighre
Is chas domh spéirbhean as Contae Lú
Is d'fhiafraíos fhéin di in eaglais Dé
An bpósfadh sí gréasaí as Contae an Dúin?
Sé dúirt an spéirbhean go raibh mé a' pléadáil
Is nár in mo leithéidse a chuir sí dúil
Is dúirt sí 'na dhiaidh sin nár chleacht sé léi
Gur mhíle b'fhearr léi ‘bheith i gContae Lú
A chailín tuatach de threibh na mbrúidéal
Nach dtaithníonn súgradh leat ‘s nach n-aithníonn greann
Bíonn na doirse dúnta acu ar aghaidh aon siúiléara
Nuair a bhíonns fáilte sa Dún do gach uile dhream
Nach mbíonn úlla cumhra againn, is mil is plúr ann
Nuair a bhíonns mur gcrustasa láidir teann
Nach mbíonn sibh tuatach ‘s mur ndoirse dúnta
Nuair a bhíonns fáilte sa ghleann ina bhfuil mise ann
Cha raibh mise ach ‘súgradh, is chan olc liom diúltú
Is a liacht sin cúileann deas thíos sa Ghleann
Nuair a bheas na doirse dúnta, ar dhroim an diúltaithe
Beidh fáilte dhúbailte síos fán Ghleann
Bhí mé lá breá aerach ag dul Bóthar a’ Mhaighre
Is chas domh spéirbhean as Contae Lú
Is d'fhiafraíos fhéin di in eaglais Dé
An bpósfadh sí gréasaí as Contae an Dúin?
|
||||
7. |
Errigal Braes
03:17
|
|||
8. |
Pléaráca Jones
04:17
|
|||
Pléaraca Jones - Thomas Morres Jones
Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin a chum
Sé an compliment ceoil don óigfhear breá tréan
Thar uaisle na hÉireann is aonrí Thír Eoghain.
Ní mór linn sin dó ó chroí mór na féile,
Ní ghabhann sé choíche gan daoine ‘bheith ag ól.
Sé Guaire le féile le huaisle ‘s le réidhe
Is ’s é deir fir Éireann nach léir leo ach spórt.
Níl gloine nó bumper, níl buidéal nó tumbler,
Nach n-ólfainn gan chontúirt ar Bumper Squire Jones
|
||||
9. |
Roddy McCorley
06:24
|
|||
Roddy McCorley
Come tender hearted Christians attention pay to me
While I relate these verses great, these verses two or three
Concerning of a pleasant youth who was cut off in this bloom
And died upon the gallows tree near to the bridge of Toome
The hero now I speak of he was proper tall and straight
Like to the lofty poplar tree his body was complete
His growth was like the tufted fir that does ascend the air
And waving o'er his shoulders broad, the locks of yellow hair
In sweet Duneane this youth was born and raised up tenderly
His parents educated him all by their industry
Both day and night they sorely toiled all for their family
Til desolation it came on by cursed perjury
‘Twas first the father’s life they took and secondly the son’s
The mother tore her old grey locks and said I am undone
They took from me my property, my houses and my land
And in the parish were I was born, I dare not tread upon
Farewell unto you sweet Drumaul if in you I had stayed
Among the Presbyterians I ne’er would have been betrayed
The gallows tree I’d ne’er had seen had I remained there
For Duffin you betrayed me McErlean you set the snare
In Ballyscullion I was betrayed, woe be unto the man
Who swore me a defender and a foe unto the crown
Which causes Roddy for to lie beneath the spreading thorn
He'll sigh and say alas the day that ever I was born
Soon young Roddy he was conveyed to Ballymena town
He was loaded there with irons strong, his bed was the cold ground
And there young Roddy he must wait until the hour has come
When a court martial does arrive for to contrive his doom
They called upon an armed band, an armed band came soon
To guard the clever tall young youth down to the bridge of Toome
And when young Roddy he came up the scaffold to ascend
He looked at east and looked at west to view his loving friends
And turning round unto the north, he cried oh faithless friend
‘Twas you who proved my overthrow and brought me to this end
Since ‘tis upon Good Friday that I'll executed be
Convenient to the bridge of Toome upon the gallows tree
They called on Father Devlin, his reverence came with speed
Here's one of Christ's own flock he said ye shepherds for to feed
He gave to him the heavenly food that nourishes the soul
That it may rest eternally when his body is in the mould
And looking up unto the Lord he says oh Lord receive
Here is my soul I do bestow my body unto the grave
That it may rest in peace and joy without the least surprise
‘Til Michael sounds his trumpet loud and says ye dead arise
|
||||
10. |
Old Ardboe
06:21
|
|||
Old Ardboe
Ye God's assist my fond weary notion
Inspired muses lend me your hand
Direct my quill without a blot or blemish
To write the praises of this lovely strand
It’s well situated in the north of Ireland
All in the county of sweet Tyrone
And on the banks of you sweet Lough Neagh
Stands this ancient fabric called old Ardboe
In the summer season for recreation,
I carelessly strayed along that strand
Where Boreas’ breezes were gently blowing,
along the shore where that fabric stands
Where I stood amazed to view that curious harbour,
where purling streams they flow to and fro
And fishes sporting both evening and morning
which yields more pleasure to you sweet Ardboe
I have travelled France and I have travelled Flanders
And all the courses along that line
My way I took down by the Egyptians
I have travelled on by the River Rhine
I have travelled the length and the breadth of Erin
To the banks of the Dee and the River Roe
And in all my raking and undertaking
I've found none to equal you sweet Ardboe
|
||||
11. |
||||
12. |
Buachaill Uí Néill
03:59
|
|||
Buachaill Uí Néill
Buachaill Uí Néill mé a bhréagfadh bruinneall deas óg,
Is tá an leabhar ar mo bhéal nach ndéanfaidh do mhalairt go deo;
Le m'athair gan bhréag dhá thaobh an ghleanna is Tír Eoghain,
Is dá gcreidfí mo scéal ba liom féin an Contae Mhaigh Eo.
Buachailleacht bó, mo leo, níor chleacht mé ariamh,
Ach ag imirt 's ag ól le hógmhná deasa fá shliabh;
Má chaill mé mo stór ní dócha gur chaill mé mo chiall,
Is ní mó do phóg ná'n bhróg atá ar caitheamh le bliain.
A thaisce 's a stór ná pós thusa an seanduine liath,
Ach pós an fear óg, mo leo, mur’ mairfeadh sé ach bliain,
Nó beidh tú go fóill gan ua nó mac os do cheann,
A shilfeadh aon deor tráthnóna nó ar maidin go trom.
An uair a théim síos bíonn na mílte fáilte romham,
Is nuair a thagaim aníos bíonn mo chroí istigh lán den bhrón;
Och, tuirse mo chroí ar an té a bhain domhsa mo stór,
Agus d'fhág mé liom féin go brách ag sileadh na ndeor.
|
||||
13. |
Na Deirfiúracha
04:50
|
|||
14. |
Séamus Mac Murfaidh
07:59
|
Lí Ban
Remembering old and creating new aspects of traditions from Lough Neagh and the Bann in the ancient province of Ulster in Ireland. Ríoghnach Connolly collaborates with family; aunts, uncles and cousins coming together to make this unique album.
Streaming and Download help
If you like Lí Ban, you may also like:
Bandcamp Daily your guide to the world of Bandcamp